Welcome toFáilte go dtí dearcánmedia

LanguageTeanga English / Gaeilge

News

NUACHT

John Philip Holland: inventor of the modern submarine

John Philip Holland: aireagóir an fhomhuireáin nua-aoisigh

11/11/2016

Dearcán Media’s new documentary on John Philip Holland will be broadcast on November 22nd on TG4 at 9.30pm.

John Philip Holland, recognised world-wide as the inventor of the first functioning submarine (built in the US in the 1890s), has largely been forgotten in his own country.

His first submarines were financed by the IRB – by Irish revolutionaries like John Devoy and Jeremiah O’Donovan Rossa – in the early 1880s, yet less than twenty years later he designed what became the first US Navy submarine (the USS Holland I), as well as the first British, Russian, Japanese and Dutch submarine fleets.

The Clare born inventor was viewed as an equal by other innovators such as Edison and Diesel, and showed incredible grit and determination to earn the title bestowed upon him by the US Navy – the father of the modern submarine.

A Dearcán Media production for TG4 with support from the Irish Language Broadcast Fund

Directed by Macdara Vallely

Tá clár faisnéise úr de chuid Dearcán Media, faoi John Philip Holland, le craoladh ar an Mháirt, 22ú Samhain , ag 9.30 i.n.

Tá clú ar Holland ar fud an domhain mar aireagóir an fhomhuireáin nua-aoisigh – a tógadh sna SAM sna 1890idí. Ach sin ráite, tá dearmad déanta air ina thír féin.

Chuir an IRB maoiniú ar fáil do chéad fhomhuireáin Holland – réabhlóidithe Éireannacha ar nós John Devoy agus Jeremiah O’Donovan Rossa – i Nua Eabhrac go luath sna 1880í. Ach níos lú ná fiche bliain ina dhiaidh sin, dhear Holland fomhuireán ar leith agus bhain cabhlach na Breataine, na Rúise, na hÍsiltíre, an tSeapáin agus cabhlach Mheiriceá úsáid as an dearadh fomhuireáin ar leith sin.

Deirtear go raibh an ceapadóir, as Contae an Chláir, ar chomhchéim le Edison agus Diesel agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí An Electric Boat Company, atá go fóill ann inniu. Thit Holland amach leis an ECB mar gheall ar cheisteanna sábháilteachta agus rinneadh neamhaird iomlán dó – agus bhí ról aige sin ar an easpa eolais faoi éachtaí Holland.

Ba dhuine misneach agus díograiseach é Holland agus ba léir sin tríd a shaoil ar fad. Tá an teideal ‘athair an fhomhuireáin chomhaimseartha,’ mar a thugann Cabhlach Stát Aontaithe Mheiriceá air, go hiomlán tuillte ag Holland.

Léiriúchán de chuid Dearcán Media do TG4 le tacaíocht ón CCG

Stiúrtha ag Macdara Vallely